Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Séamas 3:4

An Bíobla Naofa 1981

Tóg na báid féin, dá mhéid iad, agus fiú má bhíonn siad á séideadh ag na gálaí, déantar iad a stiúradh le stiúir bhídeach cibé áit is mian leis an bpíolóta de réir mar bhuaileann an fonn é.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ach scaoil an Tiarna gaoth láidir amach thar an bhfarraige agus d'éirigh stoirm chomh mór sin gur dhóbair don long titim as a chéile.

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.

Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád á mhúchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh.

Ach ba mhó an aird a thug an taoiseach céad ar an bhfear stiúrach agus ar an gcaptaen ná ar chaint Phóil.

Má chuirimid béalbhach i mbéal na gcapall d'fhonn go ngéillfidís dúinn, bíonn a dtoirt go léir faoinár stiúir.

Níl sa teanga ach oiread ach ball beag, ach tá bearta móra á maíomh aici. Féach nach beag an lasair a chuireann foraois mhór trí thine!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí