Cuirigí síolta an ionracais daoibh féin; bainigí fómhar an bhuanghrá; brisigí bhur bhfearann branair, óir is mithid daoibh an Tiarna a lorg nó go dtiocfaidh sé chun an fhíréantacht a shileadh oraibh.
Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.
An té a chuireann síol i ngort na colainne bainfidh sé fómhar an mhillte, ach an té a chuireann síol i ngort an Spioraid, bainfidh sé fómhar na beatha síoraí.
Nuair a chuirtear smacht orainn, ní ábhar áthais dúinn é ag an am ach ábhar dóláis. Ina dhiaidh sin, áfach, tugann an smacht an tsíocháin agus an fhíréantacht uaidh mar thoradh do na daoine a oileadh tríd.