An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.
Ach phlandaigh mise thú i d'fhíniúin uasal, ceap fírinneach tríd agus tríd. Conas, más ea, ar éirigh tú i do phlanda fiáin, a fhíniúin thruaillithe?
Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann.
agus nuair a chonaic sé crann fígí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: “Nár fhása aon toradh ortsa as seo amach go brách!” Agus shearg an crann fígí ar an mball.
An ndéanann an tobar idir fhíoruisce agus uisce goirt a sceitheadh as an aon súil?