Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Séamas 2:6

An Bíobla Naofa 1981

Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?

Féach an chaibidil Cóip

38 Tagairtí Cros  

Óir réab sé botháin na mbocht, Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin.

Cromann sé chun léim a thabhairt agus titeann an t‑anbhann le treise a lámh.

Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh. Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir, is tú a thugann cúnamh don dílleachta.

Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.

Téann sé in oirchill i bhfogas na mionbhailte: dúnmharaíonn sé an neamhchiontach ina ionad folaigh. Bíonn a shúile ag faire an bhochtáin gan taca.

gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”

Ba mhian libh dóchas an bhochtáin a mhilleadh, ach is é an Tiarna a dhídean.

Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán; ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.

Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.

Achainíocha a bhíonn ar bhéal an bhochtáin, ach boirbeacht a thagann mar fhreagra ón saibhir.

Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air; tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh.

Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán, agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.

Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.

ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.

Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”

Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.

Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra, a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,] amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigin a dhíothú go danartha ina n‑uachais.

Ná déanaigí foréigean ar an mbaintreach ná ar an dílleachta, ar an gcoimhthíoch ná ar an mbochtán; ná bíodh aon duine agaibh ag meabhrú oilc ina chroí in aghaidh a bhráthar.’ ”

“Níl aon deamhan ionam, ach tugaim onóir do m'Athair agus tugann sibhse easonóir dom.

Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad.

agus nuair nach bhfuair siad ann iad, rug siad leo Iásón agus cuid de na bráithre chun giúistísí na cathrach agus dúirt leo in ard a ngutha: “Tá an domhan mór suaite ag na daoine úd agus seo anois anseo iad

Le linn do Ghaillión bheith ina phróchonsal ar Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an tsuí breithimh é.

Ach bhí Sól ag déanamh scriosta ar an Eaglais: é ag dul ó theach go teach ag sracadh daoine amach, idir fhir agus mhná, agus á gcur i bpriosún.

Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé.

agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t‑éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,”

Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.

Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí