Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Séamas 2:22

An Bíobla Naofa 1981

Feiceann tú go raibh an creideamh i gcomhar lena dhea-oibreacha agus gur cuireadh críoch ar an gcreideamh trína dhea-oibreacha.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac, dom.”

D'fhreagair Íosa: “Is í seo obair Dé,” ar sé leo, “go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.”

Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.

Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.

Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.

Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí