Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Séamas 2:16

An Bíobla Naofa 1981

agus go ndeir duine agaibhse leo: “Imígí faoi shíocháin; faighigí goradh agus ithigí bhur sáith,” agus nach dtugann sibh riachtanais na beatha dóibh, cén tairbhe é?

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: “Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.”

Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom,

bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do m'fheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’

Dúirt sé léi: “A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.”

Bíodh bhur ngrá saor ón gcur i gcéill; bíodh fuath agaibh don olc agus cloígí leis an maith.

Ní ag tabhairt orduithe daoibh atáim ach ag iarraidh dáiríre bhur ngrá a mheas de réir dhíograis daoine eile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí