Mar an té a dúirt: “Ná déan adhaltranas,” dúirt sé freisin: “Ná déan marú.” Mura ndéanann tú adhaltranas, ach má dhéanann tú marú, tá coireach in aghaidh an dlí déanta díot.
Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach,
“Labhair le clann Iosrael agus abair: Má pheacaíonn aon duine le barr neamhaire in aghaidh aon cheann d'aitheanta an Tiarna agus ceann de na nithe a choisc sé a dhéanamh, sa chás sin:
Má pheacaíonn uachtarán le barr neamhaire agus rud éigin de na nithe go léir atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a Dhia a dhéanamh agus é féin a fhágáil ciontach,
Is eol duit na haitheanta. ‘Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair.’ ”
Is eol duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas. Ná déan marú. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair.’ ”
Na haitheanta “ná déan drúise,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”