Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre.
Agus nuair a scoir an comhthionól, bhí cuid mhaith de na Giúdaigh agus de na hiompaithigh dhiaganta a lean Pól agus Barnabas. Ina gcomhrá leo mhol Pól agus Barnabas dóibh bheith buanseasmhach i ngrásta Dé.
Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach:
Tabhair do d'aire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leatsa - ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith.
Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.
Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh - rud atá mura bhfuil cliste oraibh?
ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse;
Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.
féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t‑iomlán agaibh.
Ach maidir libhse, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibhse freisin sa Mhac agus san Athair.
Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”
Má thugann sibh urraim agus ómós don Tiarna agus géilleadh dá ghlór, agus gan ceannairc a dhéanamh i n‑aghaidh aithne an Tiarna, agus má leanann sibh féin agus an rí atá ag rialú oraibh, an Tiarna bhur nDia, beidh gach ní ina cheart.