Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Séamas 1:19

An Bíobla Naofa 1981

Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,

Féach an chaibidil Cóip

54 Tagairtí Cros  

Lá i ndiaidh an lae ó thús deireadh, léadh Eazrá sleachta as leabhar dhlí Dé. Cheiliúir siad an fhéile ar feadh seacht lá, agus ar an ochtú lá bhí comhthionól sollúnta de réir mar a bhí ordaithe.

Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontais A rinne tú dóibh. D'éirigh siad ceanndána, Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse. Ach is Dia maithiúnais thú, Lán de chineáltas agus de thrócaire, Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá; Níor thréig tú iad.

Bhí cách ina seasamh i láthair chuí agus bhíodar ag léamh sleachta as leabhar dhlí an Tiarna a nDia ar feadh ceathrún den lá; bhíodar ag admháil a bpeacaí ar feadh ceathrún eile den lá, agus ag adhradh an Tiarna a nDia.

D'fhan mé nó gur éisteadar, Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá.

Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh; is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.

An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.

Déanann an duine teasaí bearta baotha, ach bíonn foighne ag fear na tuisceana.

Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge; is [measa ná baoth] an fear lasánta.

Adhnann an duine lasánta achrann, ach réitíonn an duine sochma aighneas.

Riarann teanga na n‑eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n‑amadán.

Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan; agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.

Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.

Tá eolas ag an té ar féidir leis smacht a chur ar a theanga; coimeádann an fear tuisceanach smacht air féin.

Baois agus náire is ea freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.

Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.

Cuireann ciall srian le fearg duine, agus is glóir dó scaoileadh le coir.

Díolfaidh fear an drochmhianaigh as; scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat].

An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga, seachnaíonn sé tubaiste.

An fear gan smacht air féin, is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.

An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach? tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.

Nuair a chonaic an t‑asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata.

Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.

“Glaonn Dáiví féin Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?” D'éist an slua mór leis le háthas.

agus bhí an oiread sin daoine cruinnithe ann nach raibh slí ann fiú amháin timpeall an dorais, agus bhí sé ag labhairt an bhriathair leo.

Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis.

ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.

Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, d'éirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair:

Mar sin chuir mé fios ort láithreach bonn - agus ba mhaith uait teacht. Anois táimid go léir anseo i bhfianaise Dé chun éisteacht le gach ar ordaigh an Tiarna duit.”

Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh,

Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.

Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.

Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr,

Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.

Agus bíodh síocháin Chríost i réim in bhur gcroí mar is chun síocháin a bheith agaibh a glaodh sibh le chéile in aon chorp amháin. Agus bígí buíoch.

Ach ní mór daoibh iad go léir a chaitheamh uaibh anois: caithigí uaibh an fhearg, an cuthach agus an mhailís; agus ná bíodh achasán ná caint ghraosta in bhur mbéal agaibh.

Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.

A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh.

Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe,

An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.

Seachain an fabhar sibhse, a bhráithre, a bhfuil creideamh ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire, agaibh.

Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?

Tagann an bheannacht agus an mhallacht as an mbéal céanna. Níor cheart go mbeadh sin amhlaidh, a bhráithre liom.

Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní á chomhlíonadh a bhíonn tú ach á dhaoradh.

Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “sea” le rá agaibh, abraigí “sea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.

A bhráithre liom, má théann duine agaibh ar seachrán ón bhfírinne agus duine eile á thabhairt ar ais

Níor scríobh mé chugaibh á rá go mba aineolach ar an bhfírinne sibh, ach go mba feasach sibh í, agus go mb'eol daoibh nach den fhírinne aon bhréag.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí