Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.
Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
Ansin sheol Dáiví teachtairí amach lena tabhairt chuige. Tháinig sí chuige agus luigh sé léi; bhí a fuil mhíosta tagtha agus í direach tar éis í féin a ghlanadh. D'imigh sí abhaile arís ansin.
An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”
An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur peaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n‑éireodh an peaca peacúil thar na bearta.
Ná habradh aon duine nuair a chuirtear cathú air: “Tá Dia ag cur cathaithe orm,” mar ní féidir cathú chun oilc a chur ar Dhia agus ní chuireann sé féin cathú ar aon duine;