Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 96:9

An Bíobla Naofa 1981

Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa; bí ar crith ina láthair a dhomhan uile.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Rinne an comhthionól go léir adhradh, agus na cantairí ag canadh, agus na stoic á séideadh, agus mhair sin nó go raibh an íobairt uileloiscthe thart.

Nuair a bhí an íobairt thart, chrom an rí agus gach duine a bhí ina theannta síos agus thug siad ómós.

D'ordaigh an rí Hiziciá agus na taoisigh do na Léivítigh an Tiarna a mholadh i mbriathra Dháiví agus Ásáf an físí. Chan siad moltaí le dúthracht agus le lúcháir agus chrom siad síos agus thug siad ómós.

Moladh leis an Tiarna, Dia ár sinsear, a spreag croí an rí ar an gcuma sin chun Teampall an Tiarna in Iarúsailéim a mhóradh,

Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].

Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna; creathnaigh i láthair Dhia Iacóib,

Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm; tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa.

Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile; bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.

Déanfaidh fraoch an duine féin thú a mholadh; déanfaidh fuíoll a chuid feirge crios duit.

A Dhia Iacóib, nuair a labhair tú go bagrach rinneadh staic de charbaid agus d'eachra.

Tá an Tiarna ina rí, tá na ciníocha ar crith; tá sé ina shuí ar na ceiribíní, creathnaíonn an talamh.

Bhain siad feidhm dhíomasach as a n‑ornáidí áille; rinne siad a n‑íomhánna urchóideacha agus a n‑íola déistineacha leo. Dá bhrí sin fágfaidh mé mar ábhar uafáis acu iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí