Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 96:8

An Bíobla Naofa 1981

tugaigí don Tiarna an ghlóir is dual dá ainm; tugaigí bhur dtabhartais libh isteach ina chúirteanna.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh. Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí. Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm.

Rinne sé a phobal a fhuascailt, agus bhunaigh sé a chonradh go brách. Is naofa a ainm agus is creathnach.

i gcúirteanna áras an Tiarna i gceartlár Iarúsailéim.

Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm; tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa.

Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d'áilleacht; eisean do Thiarna, agus umhlaigh thú féin dó.

Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí, ag triall air le tabhartais. Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seaba bronntanais chuige.

Adhrfaidh pobal na tíre ag béal an gheata i láthair an Tiarna ar shabóidí agus ar laethanta na ré nua.

Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.

Ar an ábhar sin, a bhráithre, táim á iarraidh oraibh as ucht trócaire Dé, bhur gcoirp a thoirbhirt ina n‑íobairt bheo naofa thaitneamhach do Dhia; sin é bhur n‑adhradh spioradálta.

bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n‑íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.

Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile.

Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia.

Dá bhrí sin, téimis amach as an gcampa chuige agus fulaingímisne an aithis a tugadh dó.

agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.

Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí