“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna, go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí. Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”
Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim agus an capall catha as Iarúsailéim; agus brisfear an bogha cogaidh. Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin, agus beidh sé i réim ó mhuir go muir agus ón Abhainn go himill na cruinne.