Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 96:1

An Bíobla Naofa 1981

Canaigí amhrán úr don Tiarna; canaigí don Tiarna, a thíortha go léir.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Alleluia. Canaigí amhrán nua don Tiarna; moltar é i gcomhthionól na bhfíréan.

Canaigí amhrán urnua dó; canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.

Umhlóidh an domhan uile i d'fhianaise agus canfaidh siad Salm do d'ainm.” Selah

Tiocfaidh na flatha ag triall ort ón Éigipt agus sínfidh an Aetóip a lámha chun Dé.

Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin.

Agus in áit eile fós: “Molaigí an Tiarna, a náisiúna uile agus móradh na pobail go léir é.”

Agus canann siad mar a bheadh caintic nua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre dhúil bheo agus na seanóirí; níor fhéad aon duine an chaintic a fhoghlaim seachas an céad agus ceithre mhíle agus daichead a bhí ceannaithe ón saol.

Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí