Rachaidh na héagráifigh go léir ar ceal mar aon le naimhde an Tiarna. Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaire agus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh.
Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.
Nuair a chuireadh an áirc chun bóthair deireadh Mhaois: “Éirigh, a Thiarna, agus go raibh scaipeadh ar do naimhde! Agus an dream a bhfuil fuath acu duit, Go dteithidís lena n‑anam romhat.”
titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
Cuirfidh an Tiarna scaipeadh ort i measc na gciníocha go léir ó cheann ceann na cruinne; agus déanfaidh tú seirbhís ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche, nárbh eol duit féin ná do do shinsir.
Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.