Cé go n‑eascraíonn na héagráifigh mar fhéar, agus go mbíonn na hainbheartaigh faoi bhláth,
Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíola is ar lucht déanta an oilc. Síocháin go raibh ar Iosrael.
óir dreofaidh siad go luath ar nós an fhéir agus feofaidh siad amhail luibheanna glasa.
Bí trócaireach liom, a Dhia, óir déantar leatrom orm; imrítear ansmacht orm in aghaidh an lae.
nó go ndeachaigh mé i sanctóir Dé is gur thugas do m'aire a gcríoch dhéanach.
Chuir tú i slí shleamhain iad go dearfa agus thug orthu titim chun a n‑aimhleasa.
Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!
Is cumhachtaí ná glór na n‑iluiscí, ná tonnta na mara móire, an Tiarna os a gcionn in airde.
Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.”
Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.
Um an dtaca seo is ea d'imir Héaród rí an lámh throm ar chuid de bhaill na hEaglaise.