Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 92:7

An Bíobla Naofa 1981

Ní aithníonn fear na díchéille, ná ní thuigeann an t‑amadán an ní seo.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.

ach dísceofar na peacaigh uile le chéile; déanfar sliocht na n‑éagráifeach a scriosadh.

Féach! sin é dála na bpeacach; téann siad i saibhreas agus iad ar a sástacht.

bhí mé amaideach, baoth, neamhthuisceanach; ba chuma nó beithíoch mé i d'fhianaise.

Ag gaotaireacht dóibh is ag labhairt go díomasach, bíonn na hainbheartaigh ag maíomh go mórtasach.

Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta, agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin.

Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh, lán uafáis agus scéine, ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa, féar bharr na dtithe agus na ngort á sheargadh ag an gaoth anoir.

Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.’ ”

“Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí