Óir chuir do ghníomhartha áthas orm, a Thiarna; déanaim gairdeas in oibreacha do lámh.
Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna! rinne tú gach aon ní le heagna; is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.
Is éachtach iad oibreacha an Tiarna, inscrúdaithe do chách a charann iad.
Nach diamhrach liom do chomhairlí, a Thiarna; má dhéanaim a gcomhaireamh ní thig liom a n‑áireamh;
Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna, agus do dhílse na néalta. Tá d'fhíréantacht mar shléibhte Dé:
Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige.
Beartaíonn siad a ndrochbhearta go diongbháilte ‘s iad i gcogar le chéile go folaitheach, á rá lena chéile: “Cé a fheicfidh sinn:
Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.
Gach ní dar tháinig ann is fada uainn é agus is é atá go domhain diamhair; cé hé ar féidir dó é a thuiscint?
Ó Thiarna na Slua an méid sin freisin; is iontach é le haghaidh comhairle agus is cumasach a chríonnacht.
ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.
Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin.
agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.