Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 92:3

An Bíobla Naofa 1981

d'fhonn do bhuanghrá a fhógairt ar maidin, agus do dhílse i dtráthanna na hoíche,

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

agus bhí Dáiví agus Iosrael go léir ag rince os comhair Dé ar a ndícheall, ag gabháil amhrán le ceol na lirí, na gcruiteanna, na mbodhrán, na gciombal, agus na dteampán.

Agus dúirt Dáiví le cinn urra na Léivíteach a ngaolta a cheapadh mar chantairí chun geantraí a sheinm ar a ngléasanna ceoil, ar chláirseacha, ar chruiteanna agus ar chiombail.

Ní mór dóibh a bheith i láthair gach maidin, agus tráthnóna chomh maith, ag moladh agus ag móradh an Tiarna,

Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n‑athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán,

Thángadar go Iarúsailéim, agus go Teampall an Tiarna, le ceol cláirsí agus cruite agus stoic;

bíodh trian díbh ag an bpálás ríoga, trian ag Geata na Dúshraithe, agus an pobal go léir i gcúirt Theampall an Tiarna.

Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t‑ordú dáiríre trí bhéal a fháithe.

Sin mar a bhí acu le linn Ióiácaím mac Iéisiúa, mac Iózádác, agus Nihimiá an gobharnóir, agus Eazrá, sagart agus scríobhaí.

Molaidís a ainm le rince; déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.

Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit; déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.

Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghrá orm de lá agus canfaidh mé ceadal san oíche do Dhia mo bheo.

Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean. Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.

Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia; mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa;

Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.

Ansin rachaidh tú go Gibeá Dé (mar a bhfuil garastún na bhFilistíneach). Ag teacht chun na cathrach sin ansiúd duit, buailfidh tú le buíon fáithe ag teacht anuas ón ardionad agus cruit, bodhrán, feadóg, agus lir rompu amach; beidh buile na bhfáithe orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí