Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.
In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás, agus in áit na neantóg an miortal. Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna, beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!
Ní dhéanfaidh siad tógáil a bheidh mar áit chónaithe ag daoine eile; ní chuirfidh siad síol le go mbeidh daoine eile ag ithe. Óir tabharfaidh mo mhuintir saol fada leo ar nós saol na gcrann, agus is fada a bheidh mo dhaoine tofa ag baint leas as saothar a lámh.
Is cosúil é le crann atá lámh le huisce, agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth; ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill, mar fanann a dhuilliúr glas; ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta, mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.
Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu, fir a bhí chomh hard leis na céadrais agus chomh láidir leis na daracha; scrios mé a dtorthaí os cionn talún agus a bpréamhacha thíos fúithi.
Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.
Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin, nó luibhghoirt ar insí abhann, nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna, nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!