Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 92:10

An Bíobla Naofa 1981

Óir scriosfar do naimhde, sea do naimhde, a Thiarna, agus scaipfear na hurchóidigh go léir.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin peacaigh na tíre; agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna lucht déanta an oilc.

Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair; maireann a fhéile go brách agus choíche. Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.

Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíola is ar lucht déanta an oilc. Síocháin go raibh ar Iosrael.

Tiocfaidh bláth ann ar bhuinneán Dháiví; réiteoidh mé lóchrann do m'ungthach.

D'ardaigh sé neart a phobail; bíonn a naoimh uile á mholadh; molann clann Iosrael é, an pobal atá ina fhogas. Alleluia!

Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad, agus chaith a chaora tine gur threascair iad.

Cóiríonn tú bord chun béile dom i láthair mo naimhde. Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupa ag cur thairis.

Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche; ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.

Maidir liomsa: déanfaidh mé gairdeas go deo; canfaidh mé Salm do Dhia Iacóib. 10 Brisfidh mé cumhacht lucht an oilc agus ardófar na fíréin i gcumhacht.

Déanann siad gairdeas i d'ainm feadh an lae; agus déantar a móradh as ucht d'fhíréantachta.

ach treascróidh mé a naimhde ina láthair; agus buailfidh mé lucht a fhuatha.

Tugann Dia as an Éigipt amach iad; is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann.

Tugann Dia as an Éigipt amach é; is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann. Alpann sé conablach a naimhde, agus déanann sé mionramh dá gcnámha agus tollann iad lena shaigheada.

agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar i dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach -

Mar is é Dia a dhaingníonn sinne agus sibhse araon i gCríost; is é a d'ung sinn

Agus tá ungadh oraibhse ón Té atá Naofa agus tá an fíoreolas agaibh uile.

Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.

Ansin ghuigh Hanná mar leanas: “Tá mórtas croí orm sa Tiarna. Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna. Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde, Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.

Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna; Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n‑aghaidh sna flaithis. Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne; Bronnann sé neart ar a rí Agus breis cumhachta ar a ungthach.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí