Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht, [Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas]; treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah
is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa, amhail srutháin uisce i dtalamh tirim, amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta.
Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim.
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.