Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán, inseoidh mé do mhóréachtaí go léir.
Le Dáiví. 1 A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí; óir d'éist tú le briathra mo bhéil. Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n‑aingeal;
Bíonn altú buíochais á chanadh agam, agus d'éachtaí go léir á n‑aithris agam.
Ardófar mo cheann ar ball thar mo naimhde i mo thimpeall, go n‑ofrálfaidh mé ina bhothsan istigh íobairt an áthais. Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna.
Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath: tá dóchas mo chroí ann. Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí agus canaim amhrán dó.
Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom!
Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna; go dteipe ar a mbearta; cuir an ruaig orthu de dheasca a gcionta óir d'éirigh siad i d'éadan.
Fillfidh a mhioscais ar a bhaithis féin: ar a cheann féin a fhillfidh a fheall.
Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!
Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia; agus molfaidh mé d'ainm go brách.
Salm. Amhrán le haghaidh na Sabóide.
le ceol na cruite agus na cláirsí; mar aon le ceadal na lire.
Insígí a ghlóir i measc na gciníocha; agus a éachtaí i measc na náisiún.
Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana; agus tugaigí buíochas dá ainm naofa.
Óir is tú an Tiarna go dearfa in ardréim os cionn na cruinne, agus os cionn na ndéithe go léir.
Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh.