Rachaidh na peacaigh ar ais go Seól - na náisiúin uile a rinne dearmad de Dhia.
Nuair a athnuafaidh an Tiarna Síón, nuair a thaispeánfaidh sé a ghlóir,
“D'fhéach an Tiarna anuas óna shanctóir in airde; bhreathnaigh sé ó neamh ar an talamh.
Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáin lena shábháil ó lucht a dhaortha.
gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”
Is mairg, a Dhia, nach scriosann tú na hurchóidigh; is mairg nach n‑imíonn uaim fir na fola.
Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé; sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann;
Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna; a Dhia, is tú mo dhóchas ó m'óige.
Go ndéana sé cosaint ar dhaoine ísle an phobail; go saora sé clann na mbocht, agus go mbrú sé lucht daorsmachta.
Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón: foilsígí a éachtaí do na náisiúin;
Óir tiocfaidh an lá amárach, agus ní rachaidh do dhóchas amú.
Sé an dála céanna é ag eagna do d'anam, bíodh a fhios agat; má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárach agus ní rachaidh do dhóchas amú.
Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
Agus d'ardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt: “Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé.
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?