Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 9:10

An Bíobla Naofa 1981

Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois, ina dhaingean in am na hiaróige;

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Sé mo Dhia m'fhuasclóir. Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é, mo sciath, agus adharc mo shlánaithe, mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir. Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean.

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.

Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.

Ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan, is é a ndídean é in am na trioblóide.

Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna; go dteipe ar a mbearta; cuir an ruaig orthu de dheasca a gcionta óir d'éirigh siad i d'éadan.

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól.

De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh, agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m'ainm.

Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.

Mar is tearmann thú don dearóil, tearmann don dealbh in am a ghátair; dídean ón stoirm agus scáth ón teas, mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.

Níor labhair mé i modh rúin ná áit éigin i gcríoch dhorcha. Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib: Cuardaígí mé san éagruth. Mise, an Tiarna, labhraím ceart agus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.

Nuair a iarrfaidh sibh mé gheobhaidh sibh mé, nuair a iarrfaidh sibh mé le bhur gcroí go hiomlán.

Is maith é an Tiarna; dún daingean is ea é lá na buartha.

Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.

An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.

Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.

Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.

Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí