Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 86:2

An Bíobla Naofa 1981

Déan m'anam a chosaint óir is dílis mé; fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Is leat mé; déan mé a tharrtháil, toisc go lorgaim do phroiceapta.

sula ndéarfaidh mo namhaid go bhfuair sé an bua orm, sula ndéanfaidh m'eascairde lúcháir toisc gur thit mé.

Déan mo naimhde a dhíothú as ucht do chineáltais; agus cuir ó mhaith a mbíonn ag déanamh cos ar bolg orm; óir is mé do sheirbhíseach, a Thiarna.

Mictam Dháiví. Caomhnaigh mé a Thiarna, is ort a thriallaim.

D'ionsaíodar mé lá mo thubaiste, ach tharla an Tiarna ina thaca dom.

Is ionat a chuirim mo dhóchas, nár dhéantar mo náiriú, a Dhia; ná maíodh mo naimhde a mbua orm.

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán, agus imeagla i mo thimpeall. Cograíonn siad lena chéile i m'aghaidh: beartaíonn siad mo bhás.

Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.

A fheara, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire, agus sibhse ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach?

“Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthair a cheangail mo chonradh le híobairt.”

Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, tabharfaidh m'Athair onóir dó.

Nílim ar an saol feasta ach tá siadsan ar an saol agus táim ag dul ag triall ortsa. A Athair naofa coinnigh iad i d'ainm - an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne.

Dá réir sin déanann sé trócaire ar an duine is rogha leis agus cruann sé an croí ina rogha duine chomh maith.

Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí