Salm 85:6An Bíobla Naofa 1981An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách, nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch? Féach an chaibidil |
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. “Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’