Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 85:5

An Bíobla Naofa 1981

Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir; agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn; bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.

Mascil Ásáf. 1 Cad fáth ar chaith tú uait go brách sinn, a Dhia? Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce?

An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn; an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách?

Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo? Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine?

Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.

Ghiorraigh tú laethanta a óige; agus d'fhág tú faoi náire shaolta é.

Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.

Ach i dtaca liom féin de is ar an Tiarna a bhím ag brath; cuirim mo dhóchas i nDia mo Shlánaitheoir agus éistfidh mo Dhia liom.

titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.

Uime sin las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh na tíre seo, agus thug air na mallachtaí go léir atá scríofa sa leabhar seo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí