Ba é líon na soithí go léir d'ór agus d'airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t‑iomlán sin ar fad leis nuair a d'fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim.
Seo mar a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna, agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe; tógfar an chathair arís ar a carn féin, atógfar an daingean ar a láithreán.
Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ‘Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!’
“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé anois chun Iacób a thabhairt ar ais ó bhraighdeanas agus chun trócaire a dhéanamh ar mhuintir Iosrael uile agus beidh éad orm faoi m'ainm naofa.
“Agus ina dhiaidh sin doirtfidh mé mo spiorad amach ar chách agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht; beidh taibhrimh ag bhur seanóirí agus feicfidh bhur bhfir óga aislingí.
Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim.