rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.
Bhí sinsir Ghabal, agus a fir dheaslámhacha ionat, ag calcadh do shiúntaí. Bhíodh loingeas na farraige uile agus a bhfoirne mairnéalach ar cuairt trádála agat.
Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Ná déan ionsaí ar Mhóáb ná é a ghriogadh chun catha, óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá thailte daoibh, óir thug mé Ár mar shealúchas do chlann Lót.’