Déanann siad cogar le chéile d'aon intinn; déanann siad cor agus conradh i do choinne.
Le linn Shóil chuir siad cogadh ar na Hagraígh. Fuair siad an lámh in uachtar orthu agus fuair siad seilbh ar a mbothanna ar fud na dúiche go léir lastoir de Ghileád.
Ina dhiaidh sin tháinig na Móábaigh, na hAmónaigh, agus cuid de na [Méúnaigh] chun cogadh a chur ar Iahóiseáfát.
Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”
Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:
Scriosfar Móáb ó bheith ina phobal, mar gur mhéadaigh sé é féin in éadan an Tiarna.
Chruinnigh sé chuige na hAmónaigh agus na hAmailéicigh, ghabh chun catha in aghaidh Iosrael agus bhris orthu, agus ghabh sé cathair na bPailmeacha.