Freagair mé, a Thiarna, freagair mé, ionas go mbeidh a fhios ag an bpobal seo gur tusa, a Thiarna, is Dia agus go bhfuil tú ag iompó a gcroí ar ais chugat!”
Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.”
Thaispeánas mé féin d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób faoin ainm ‘Dia Uilechumhachtach’; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m'ainm féin ‘an Tiarna.’
Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
“Éist anois, tabharfaidh mé orthu admháil, tabharfaidh mé orthu an uair seo mo lámh agus mo neart a admháil; agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna m'ainm.”
Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.