Folaigh a n‑éadan le náire; nó go n‑iarrfaidh siad d'ainm, a Thiarna.
Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne; agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.
An dream lenarb áil mo dhochar, go raibh náire is míchlú orthu! Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis lucht maíte i m'éadan.
Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dream atá ar tí mo mharaithe. Go gcuirtear ar gcúl faoi náire lucht beartaithe oilc i m'aghaidh.