Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 83:13

An Bíobla Naofa 1981

an drong a dúirt: “Gabhaimis seilbh ar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.”

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

An ndéanfaidh tú duilleog ghaoithe a chiapadh, Agus dias chríon a thóraíocht?

An cuma iad nó diasa á séideadh ag an ngaoth, Nó cáith a scuabadh ag an stoirm?

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Eilit na Maidine”. Salm le Dáiví.

Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthu amhail cáith roimh an ngaoth;

Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamh níorbh é a gcuisle féin a shaor iad ach do dheaslámh féin is do chuisle agus gile do ghnúise, mar b'iad do ghrá iad.

Le neart do mhórgachta, rinne tú lucht d'ionsaithe a threascairt; scaoil tú le fraoch d'fheirge agus d'alp sé iad mar choinleach.

Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.

“Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear, a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé? Cé a thugann na ciníocha ar láimh dó agus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair? Déanann a chlaíomh deannach díobh agus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.

Scaoilfidh mé ó chéile thú ar nós cátha a imíonn le gaoth an fhásaigh.

“De bhrí go ndúirt tú: ‘Is liomsa an dá chine agus an dá thír seo: rachaimid ina seilbh san áit ina mbíodh an Tiarna.”

Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur mhaslaigh an namhaid sibh, á rá go fonóideach: ‘Is linne anois na sléibhte cianaosta seo’,

Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí