Ghabhadar dhá thaoiseach Mhidián, Oraeb agus Zéib; mharaíodar Oraeb ag Carraig Oraeb agus Zéib ag Cantaoir Zéib. Chuadar sa tóir ar Mhidián, agus thugadar cinn Oraeb agus Zéib go Gideón lastall den Iordáin.
Ansin dúirt Zeaba agus Zalmuná: “Éirigh féin agus maraigh sinn; óir tá neart fir de réir mar atá an fear sin.” Ansin d'éirigh Gideón féin agus mharaigh Zeaba agus Zalmuná, agus ghearr anuas na stuanna a bhí ar mhuiníl a gcamall.