Agus Forann ag druidim leo d'fhéach clann Iosrael ina dtimpeall, agus b'shiúd na hÉigiptigh sa tóir orthu! Tháinig scéin orthu, agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna;
Le ham faire na maidine, d'fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach.
Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.
Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.
“Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’
“Ní foláir,” ar sé, “Árón a chruinniú chun a mhuintire; óir níl sé le dul isteach sa tír a thug mé do chlann Iosrael, óir rinne sibh ceannairc i m'aghaidh ag uiscí Mhiríbeá.
Dúirt sé faoi Léiví: Tabhair do Léiví do Úirím, agus do Thuimím don té dá dtug tú gean, tar éis duit é a phromhadh ag Masá, agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá,