Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 80:7

An Bíobla Naofa 1981

Rinne tú ceap magaidh dínn dár gcomharsana; agus bíonn ár naimhde ag fonóid fúinn eatarthu féin.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an daor Amónach agus Geisim an tArabach mar gheall air seo, rinneadar magadh agus fonóid fúinn agus d'fhiafraíodar: “Céard atá ar siúl agaibh, an bhfuil ceannairc in aghaidh an rí á beartú agaibh?”

Lig dom an gairdeas agus an t‑áthas a chloisteáil, agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.

Feasta, ní thréigfimid go brách thú; athbheoigh sinn agus glaofaimid ar d'ainm.

ar Eafráim agus Biniáimin agus Manaise. Corraigh do chumhacht, a Thiarna; a Thiarna, tar chugainn dár sábháil.

Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael: San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh, sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart, ach níorbh áil libh.”

Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí. Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin; is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.

Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?

chun go ‘mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís, agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís, d'eagla go n‑iompóidís agus go maithfí dóibh.’ ”

agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí