Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 80:6

An Bíobla Naofa 1981

Bheathaigh tú iad le harán na ndeor; agus thug tú flúirse deor dóibh le hól.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Is iad mo dheora is bia dom de lá agus d'oíche nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”

Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana; is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall.

Seo anois, cuir an geall seo le mo thiarna rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit ach tú marcaigh a chur ar fáil dóibh.

Cé dhó ar thug tú masla agus aithis? Cé ina choinne ar labhair tú in ard do chinn agus ar bhreathnaigh tú suas go sotalach? I gcoinne Neach Naofa Iosrael!

Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú mé i m'fhear caismirte agus i m'fhear achrannach don tír ar fad. Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht; ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé.

Nach raibh Iosrael ina mhagadh agatsa? Ar gabhadh é i measc gadaithe, le go mbeifeása ag croitheadh do chinn nuair a luann tú a ainm?

dá bhrí sin, a shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia leis na sléibhte agus na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta, le fásaigh loma agus cathracha bánaithe atá ina gcreach agus ina gceap magaidh ag na ciníocha máguaird:

agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháidh seo áitritheoirí an domhain.”

Liúdar ansin le barr áthais agus dúradar: “Cuirigí fios ar Shamsón d'fhonn go ndéanfadh sé cleasa dúinn.” Cuireadh fios ar Shamsón as an bpríosún agus rinne sé cleasa dóibh. Chuireadar d'iallach air seasamh idir na colúin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí