Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.
Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla; tabhair slán mé i do ghrá.
Is iomaí duine á rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn? Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”
tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa. Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!
Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn; bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.
Mascil Ásáf. 1 Cad fáth ar chaith tú uait go brách sinn, a Dhia? Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce?
Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo? Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine?
Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir; agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.
D'fholaigh tú thú féin i néal ionas nach bpollfadh ár n‑urnaí tríd.
ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh.