Agus dúirt Hiziciá an urnaí seo i láthair an Tiarna: “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá i do shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribíní, is tusa amháin Dia ríochtaí uile an domhain; is tusa a rinne neamh agus talamh.
Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu.
Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m'aitheanta uile do chlann Iosrael. ”
Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
Uime sin chuir na daoine fios go Sileo agus thugadar leo ón áit sin áirc chonradh Thiarna na Slua, an té atá suite ar na ceiribíní; agus tháinig beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás in éineacht le háirc chonradh Dé.