Chuir Dáiví chun bealaigh agus d'imigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin.
Agus dúirt Hiziciá an urnaí seo i láthair an Tiarna: “A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá i do shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribíní, is tusa amháin Dia ríochtaí uile an domhain; is tusa a rinne neamh agus talamh.
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn, á n‑iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Ansin chuimhnigh siad ar na laethanta a bhí agus ar Mhaois a thug a mhuintir chun saoirse: Cá bhfuil an té úd a thug aníos ón muir iad féin agus tréadaí a thréada? Cá bhfuil an té a chuir isteach ann a spiorad naofa;
Istigh i measc na n‑ainmhithe bhí rud éigin a raibh cosúlacht aibhleog air, nó cosúlacht tóirsí ag preabadh anonn agus anall idir na hainmhithe; ba gheal í an tine agus tintreach ag scalladh aisti.
Dúirt sé: Tháinig an Tiarna ó Shíonái, agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír. Dealraigh sé ó Shliabh Phárán; tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis, ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.
Uime sin chuir na daoine fios go Sileo agus thugadar leo ón áit sin áirc chonradh Thiarna na Slua, an té atá suite ar na ceiribíní; agus tháinig beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás in éineacht le háirc chonradh Dé.