Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 8:3

An Bíobla Naofa 1981

as béal naíonán agus leanaí cíche. Bhunaigh tú daingean in aghaidh d'eascairde d'fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.

Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe [Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde?

An bhfuil áireamh ar líon a shluaite, Ar tháinig aon duine slán óna [luíocháin]?

Níl an ghealach féin geal, Ná na realtaí glan ina láthair.

Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha; Bhí siad go minic ina n‑ábhar molta ag daoine.

Rinne tú an ghealach chun na séasúir a fhógairt; is eol don ghrian tráth a turnaimh.

Is éachtach iad oibreacha an Tiarna, inscrúdaithe do chách a charann iad.

Molaigí é, a ghrian is a ghealach, molaigí é, a réaltaí lonracha!

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

Lena bhriathar a rinneadh na flaithis: le hanáil a bhéil na realtaí go léir.

Bhuail tú cos ar Ráhab go ndearna tú bloghanna de; agus scaip tú d'eascairde le do chuisle chumhachtach.

Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.

Agus dúirt na draíodóirí le Forann: “Lámh Dé é seo!” Ach chruaigh croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.

Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.

Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe - a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht - le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu,

Nuair a thógann tú do shúile chun nimhe, agus go bhfeiceann tú an ghrian, an ghealach, na réaltaí agus eagar uile neimhe ná mealltar thú agus sléachtadh dóibh agus fónamh dóibh. D'fhág an Tiarna do Dhia iadsan faoi na ciníocha uile faoin spéir;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí