Ach ní thabharfaidh oiread agus madra sceamh ar aon duine de chlann Iosrael sa chás go mbeidh a fhios agaibh conas mar a dhéanann an Tiarna idirdhealú idir mhuintir na hÉigipte agus chlann Iosrael.
Tháinig scéin agus scanradh orthu; mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche; go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna; go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.
Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.
San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”
An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.