Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidí agus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire.
Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara; is lán mo chroí de thuiscint.
Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal, sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach.
Éisteadh an t‑eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige, agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.
cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá. Is mise Dia agus níl m'athrach ann is mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!
Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.
Stoith an Tiarna iad as a dtír le barr feirge agus cuthaigh agus straidhne, agus chaith amach i dtír eile iad, mar a bhfuil siad inniu.’