Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 78:16

An Bíobla Naofa 1981

nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraig is gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina shlaoda; agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach.

Agus rinne sé locha uisce den fhásach; toibreacha uisce den talamh tur tirim.

Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna; creathnaigh i láthair Dhia Iacóib,

a chlaochlaigh an charraig ina linn, agus an aill ina foinse uisce.

Tógann tú do bhogha as a chumhdach: cuireann tú saigheada lena shreang. Selah Scoilteann tú an talamh le srutháin.

“Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.”

a threoraigh thú tríd an bhfásach mór uafásach seo, dúiche nathracha tintí agus scairpeanna, agus tarta; a thug uisce as an gcarraig chrua san áit róthirim seo;

Ansin thóg mé an saothar peaca, an lao a bhí déanta agaibh, agus rinne mé é a loscadh agus a bhriseadh ina smidiríní, agus a mheilt ina luaithreach mín, agus a luaithreach a chaitheamh sa sruthán a shníonn ón sliabh anuas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí