Tháinig a chlann mhac agus a chlann iníonacha go léir chuige le sólás a thabhairt dó, ach ní ghlacfadh sé sólás ar bith, á rá: “Ní dhéanfaidh mé. Rachaidh mé síos ag sileadh na ndeor go Seól fara mo mhac.” Sin mar a chaoin a athair é.
Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.
Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.