Altóir chré a thógfaidh sibh dom agus déanfaidh sibh bhur íobairtí loiscthe agus síochána ó bhur dtréada agus ó bhur dtáinte, a ofráil dom uirthi. Cibé áit ina mbeidh cuimhne ar m'ainm á dhéanamh, tiocfaidh mé chugat le beannacht duit.
Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b'álainn, mar a mbíodh ár n‑aithreacha do do mholadh, tá sé dóite go talamh le tine, agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios.
Scrios an Tiarna go neamhthrócaireach áitribh uile Iacóib; chreach sé go fíochmhar feargach dúnta iníon Iúdá; leag sé ar lár agus thruailligh sé an ríocht agus a flatha.
Scrios sé an gairdín agus a bhoth; chreach sé a ionad teagmhála; i Síón chuir an Tiarna ar ceal an tionól féiliúil agus an tsabóid; le racht cuthaigh thug sé droim láimhe don rí agus don sagart araon.
‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.
ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.