Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.
Rinne an Tiarna a bheag dá altóir; ghlac sé fuath dá shanctóir; chuir sé ballaí a caisleán i seilbh a naimhde nimhneacha; tógadh gártha i dteach an Tiarna mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.
“Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ag a bhrat féin, faoi bhratach theaghlach a shinsearachta. Cuiridís suas a mbothanna mórthimpeall thaibearnacal na Fianaise fad áirithe uaidh amach.
“Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa - tuigeadh an té a léann -
San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n‑íobairtí a mheascadh ar a chéile.