Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 74:1

An Bíobla Naofa 1981

Mascil Ásáf. 1 Cad fáth ar chaith tú uait go brách sinn, a Dhia? Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce?

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Caithfidh mé uaim iarmhar m'oidhreachta, agus tabharfaidh mé iad i lámha a naimhde á chur d'iallach orthu bheith mar chreach agus mar éadáil ag a naimhde go léir,

Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?

Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann. Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn. Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.

Chrith an talamh agus suaitheadh é agus corraíodh fothaí na sléibhte toisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.

Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”

Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghrá orm de lá agus canfaidh mé ceadal san oíche do Dhia mo bheo.

Bhímis ag maíomh as Dia i dtólamh agus ag tabhairt moladh do d'ainm de shíor. Selah

Salm Ásáf. 1 Labhair an Tiarna - is é Dia na ndéithe é - agus ghair sé chuige an chruinne.

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim.

is é Móáb mo bháisín níocháin. Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg, agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”

Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche; scrúdaím mé féin ó spiorad.

An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí; an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta?

Mascil Ásáf. 1 Éist, a phobal, le mo theagasc; claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.

Ach sinne, do phobal agus caoirigh do pháirce, tabharfaimid buíochas duit go brách na breithe; agus foilseoímid do mholadh ó ghlúin go chéile.

Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo? Cá fhad a bheidh d'fhormad ar lasadh mar thine?

A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile, ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?

An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách, nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch?

Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a pháirce agus caoirigh a láimhe.

Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?

Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair. Sinne an chré, tusa an potaire, agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.

“Is mairg do na haoirí a ligeann do chaoirigh m'innilte imeacht ar aimhleas agus ar fán - an Tiarna a labhraíonn.

Dá mb'fhéidir choíche neamh thuas a thomhas, agus fuaimint na talún thíos a spíonadh, is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosrael ar son gach a ndearna siad - an Tiarna a labhraíonn.”

Óir tá tú tar éis sinn a shéanadh amach agus amach, is an-mhór ar fad an fhearg a ghlac tú linn.

Is sibhse mo chaoirigh, an tréad atá ar féarach agam, agus is mise bhur nDia - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - de bhrí go bhfuil mo chaoirigh mar chreach agus mar chothú ag na hainmhithe allta de cheal tréadaí, agus de bhrí nár bhac na tréadaithe leis na caoirigh a lorg, ach gur bheathaigh siad iad féin agus nár bheathaigh siad mo chaoirigh;

Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.

ní mhaithfidh an Tiarna dó; ach lasfaidh fearg agus formad an Tiarna in aghaidh an duine sin, agus luífidh gach mallacht atá scríofa sa leabhar seo ar a mhullach, agus scriosfaidh an Tiarna a ainm ó faoi neamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí