Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 73:8

An Bíobla Naofa 1981

Bíonn siad ag fonóid is ag labhairt go mailíseach agus beartaíonn siad an t‑ansmacht go huaibhreach.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Mar seo a deir an rí: ‘Ná cuireadh Hiziciá an dallamullóg oraibh mar ní bheidh ar a chumas sibh a fhuascailt as mo ghreim.

Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.

a ndúrchroí dunta, a mbéal ag déanamh mórtais.

Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!

Téann siad i muinín [rud gan mhaith]; is cuma nó bogha scaoilte iad. Bás de rinn a gheobhaidh a bhflatha mar gheall ar shotal a gcuid cainte; agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr.

go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire;

Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.

Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”

Ní raibh oiread agus aon ghabha amháin i dtír Iosrael go léir, le heagla, a dúirt na Filistínigh leo féin, go ndéanfadh na hEabhraigh claimhte nó sleánna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí